Féile na Gealaí - Bhaile Átha Cliath

Dates
  • Thu 17 Mar
  • Times
    2:00pm - 6:00pm
    Ages
    All Ages
    Tickets
    • Free, Unticketed
    Accessible

    Supported by

    Féile na Gealaí - Bhaile Átha Cliath

    Beidh Féile na Gealaí ag tarraingt ar Bhaile Átha Cliath le Lá Fhéile Pádraig a cheiliúradh i mbliana! Beidh scóth na gceoltóirí agus scóth na mbannaí linn ar an lá.

    Chomh maith le fuirseoirí le muid a choinneáil ag gáirí, agus dhá cheardlann spraoiúil do pháistí.

    Féile na Gealaí, Ireland's only Irish language contemporary music and arts festival, is taking over Spiegeltent Beag in Collins Barracks to showcase some of the best talent on the Irish Language scene.

    Join us on Saint Patrick’s Day as we host some amazing singers and bands, comedians and some fun workshops as Gaeilge for kids!

    Tá criú Féile na Gealaí ag fágáil Ráth Chairn glas na Mí i gcomhair lá amháin leis an gcuid is fearr do chultúr na Gaeilge a thabhairt chomh fada le Féile Lá Fhéile Pádraig na bliana seo.

    Meascán mearaí, lán craic agus fuinneamh, tá rud éicint ann do gach uile dhuine, deis cúpla steip ar an sean-nós a fhoghlaim, fuirseoireacht, spásárthach ceolmhar agus ar ndóigh ceoltóirí den chéad scoth, ina measc an t-amhránaí Megan Nic Ruairí as Tír Chonaill, Reggaelton le Ush Mush, na deirfiúracha ceolmhara An Chéad Ghlúin Eile as Ráth Chairn agus Lauren Ní Chasaide as Baile Átha Cliath.

    • An Chéad Ghliún Eile  

      Ba bheirt deirfiúracha as Ráth Chairn iad Máire agus Étáin Ní Churraoin. Tá siad ag casadh amhrán le chéile ó rugadh iad agus bíonn a gceol binn álainn le cloisteáil ag féilte fud fad na tíre.    

      An Chéad Ghlúin Eile from Ráth Chairn are two sisters who have been singing in harmony since birth. 

    • Lauren Ní Chasaide  

       Téann Lauren Ní Chasaide idir teorainn rac agus pap lena stíl uathúil féin.    

      Lauren Ní Chasaide is a young rock-pop act from Dublin.    

    • GaelGHÁIRÍ

      Bunaíodh GaelGHÁIRÍ i mí Nollag 2013, agus tá an club i ndiaidh camchuairt a dhéanamh timpeall na hÉireann ó shin.    

      GaelGHÁIRÍ is an Irish language comedy group that formed in 2013.  

    • Megan Nic Ruairí

      Megan Nic Ruairí  Is as Rann na Feirste i gcroílár Ghaeltacht Thír Chonaill í Megan Nic Ruairí. 

      Megan Nic Ruairí is from Rann na Feirste in the Donegal Gaeltacht.

    • Damhsa le Edel  

      Foghlaim damhsa ar an sean-nós leis an ceoltóir agus damhsóir Edel Ní Churraoin as Conamara. Ceardlann taitneamhach, spraoiúil le steipeanna simplí gur féidir le óg agus iad siúd nach bhfuil chomh óg céanna a thógáil!  

         Learn sean-nós dancing with dancer and musician Edel Ní Churraoin. This fun-filled workshop will focus on simple steps that young and the not so young can learn! 

    Rachaidh Féile Phádraig i gcomhpháirtíocht le Féile na Gealaí le haghaidh stáitse Gaeilge inár Sráidbhaile Féile ar Lá Fhéile Pádraig.​

    Is féile cheoil chomhaimseartha Ghaeilge í Féile na Gealaí atá ag dul ó neart go neart ó bunaíodh í. Bronnadh “Féile na Bliana” uirthi ag Gradaim Cheoil NÓS le dhá bhliain anuas agus táthar ag súil go mbeidh breis is 250 duine i láthair ag imeacht na bliana seo. Is é príomhchuspóir na féile ná “ceol, cultúr agus ealaíona na Gaeilge a chur chun cinn ar bhealach nuálaíoch”, de réir shuíomh gréasáin na féile. Is deis iontach í chomh maith do Ghaeilgeoirí ó gach cearn den tír “teacht le chéile agus caidreamh a chothú i nGaeilge”.​

    Cé go bhfuil go leor féilte eile ceoil in Éirinn faoi láthair is í Féile na Gealaí an t-aon fhéile chomhaimseartha a reáchtáiltear i nGaeilge. Tugann Féile na Gealaí ardán d’ealaíontóirí Gaeilge atá ag cruthú saothair i réimsí éagsúla ceoil agus atá ag léiriú bheocht úr na teanga.     ​

    I measc na n-ábhar beidh ceardlanna scéalaíochta, amharclann, scileanna sorcais agus ceol beo ó chuid de phríomh-thaibheoirí Gaeilge na hÉireann.​